Fáilte go FARM-Up: Coimín Beo
Bainistíocht Feirmeoireachta agus Athchóirithe do Choimíneachtaí Sléibhe
Is tionscnamh talmhaíochta agus comhshaoil ceithre bliana faoi stiúir Chomhlacht Forbartha Iardheisceart Mhaigh Eo (CFIME) i gcomhpháirt le Cairde na hEaragaile é Bainistíocht Feirmeoireachta agus Athchóirithe do Choimíneachtaí Sléibhe (FARM-Up: Coimín Beo). Deartha i gcomhar le feirmeoirí agus le tacaíocht ó líonra leathan saineolaithe agus feirmeoirí áitiúla, tá FARM-Up: Coimín Beo dírithe ar athchóiriú agus ar bhainistiú na gcoimíneachtaí sléibhe in Éirinn, go háirithe i gceantar Néifinne i gContae Mhaigh Eo agus i gceantar na hEaragaile i gContae Dhún na nGall.
Tá na tírdhreacha seo, lena ngnáthóga bratphortaigh agus móintigh fhliuch, iontach tábhachtach do spriocanna bithéagsúlachta agus aeráide na hÉireann. Tá dúshláin thromchúiseacha éiceolaíochta rompu faoi láthair, áfach.. Freagraíonn FARM-Up: Coimín Beo don riachtanas seo fríd oibriú díreach le feirmeoirí na gcoimíneachtaí chun réitigh phraiticiúla, inscálaithe a fhorbairt a thacaíonn le feirmeoireacht athghiniúnach, le hathchóiriú gnáthóg agus le bainistiú inmharthana talaimh.
Aithníonn an tionscadal seo dhá phríomhdhúshlán a bhfuil sé ag iarraidh dul i ngleic leo:
1. Drochstaid na Gnáthóige
- Tá stádas caomhnaithe ‘mífhabhrach – dona, ag dul in olcas’ ag na gnáthóga bratphortaigh agus móintigh fhliuch sna sprioc-cheantair (Maigh Eo & Dún na nGall).
- Gan athchóiriú agus bainistiú cuí ar a leithéid de cheantair, tá baol ann nach n-éireoidh le hÉirinn spriocanna dúlra 30 faoi 30 a bhaint amach ná a hoibleagáidí faoi Threoir na nGnáthóg san AE a chomhlíonadh.
2. Castacht Bhainistíocht na gCoimíneachtaí
- Clúdaíonn coimíneachtaí go leor den tírdhreach agus bíonn an iliomad comhroinnteoirí i gceist, rud a fhágann go mbíonn sé doiligh teacht ar chomhaontú agus comhoibriú.
- Thig le comhroinnteoirí (feirmeoirí) tuairimí éagsúla sóisialta, eacnamaíocha agus cultúrtha a bheith acu, rud a fhágann cúrsaí cinnteoireachta comhchoitinne i bhfad níos casta.
More information
Samhail inscálaithe, faoi stiúir na bhfeirmeoirí, a fhorbairt d’athchóiriú agus do bhainistiú inmharthana na gcoimíneachtaí sléibhe, ag feabhsú bithéagsúlachta, athléimneachta aeráide agus cúrsaí maireachtála tuaithe.
Fríd chleachtais thraidisiúnta féaraíochta a chur le teicnící nuálacha athchóirithe portaigh agus gnáthóg, cruthaíonn an tionscadal cur chuige cothromaithe a chothaíonn bealaí maireachtála tuaithe. Mar thoradh air sin, cuireann sé le spriocanna comhshaoil na hÉireann, idir spriocanna náisiúnta agus spriocanna AE.
Tá an tionscadal lonnaithe idir ceantar Néifinne i gContae Mhaigh Eo agus réigiún na hEaragaile i gContae Dhún na nGall. Roghnófar suíomhanna tosaíochta sna ceantair seo bunaithe ar rannpháirtíocht na bhfeirmeoirí agus ar dhéine na bhfadhbanna sa cheantar.
Beidh glao oscailte ann d’úinéirí talaimh chun a suim a léiriú. Roghnóidh an tionscadal líon áirithe feirmeoirí bunaithe ar thíopeolaíocht feirmeoireachta, ionas go léireofar éagsúlacht de chórais feirmeoireachta agus de dhálaí soch-eacnamaíocha.
Tá sé mar aidhm ag an tionscadal roinnt grúpaí bainistithe coimíneachta a bhunú ar choimíneachtaí sna sprioc-cheantair.
Déanfar pleananna athchóirithe agus bainistithe saincheaptha bunaithe ar ionchur agus ar smaointe na bhfeirmeoirí.
Athróidh bainistíocht na hinnilte ó choimíneacht go coimíneacht bunaithe ar chás an cheantair agus ar rannpháirtíocht na bhfeirmeoirí.
Beidh fáilte roimh fheirmeoirí teacht chun cinn le réitigh nuálacha ar bhainistiú innilte a d’fhéadfadh aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna atá acu ar na coimíneachtaí.
D’fhéadfaí a áireamh mar shamplaí de bhainistíocht innilte (ní liosta cuimsitheach críochnúil é seo):
- Eallaigh de phór dúchasach a chur ar innilt in áiteanna tearc-innilte.
- As-fheirmeoireacht le linn an gheimhridh in áiteanna ró-innilte.
- Aoireacht caorach chun a chinntiú go n-úsáidtear achan chuid den choimíneacht.
- Blocanna beatha a chur amach chun tionchar a imirt ar shuíomhanna innilte.
Athróidh na gníomhartha athchóirithe ó choimíneacht go coimíneacht agus cuirfear i bhfeidhm iad bunaithe ar chomhaontú na gcomhroinnteoirí. Déanfar na gníomhartha athchóirithe a chomhcheangal le bainistíocht innilte chun feabhsú gnáthóige a chumasú.
I measc na ngníomhartha athchóirithe a bheidh san áireamh tá:
- Athmhúnlú bráide portaigh (peat hags) chun creimeadh a laghdú agus móin lom a chobhsú.
- Úsáid lomáin chóra agus geoiteicstílí chun creimeadh a laghdú, móin lom a chobhsú agus athfhás a spreagadh.
- Smacht ar speicis ionracha.
- Blocáil draenacha chun leibhéal an uisce a chobhsú agus caillteanas carbóin agus dríodair a laghdú.
Tá roinnt feirmeoirí áitiúla ón dá cheantar tionscadail sa ghrúpa oibríochta de chuid FARM-Up: Coimín Beo EIP. Cuidíonn sé seo le feirmeoirí an tionscadal a threorú, agus fosta eolas luachmhar faoi na ceantair áitiúla agus faoi chleachtais feirmeoireachta ar a gcoimíneachtaí a roinnt.
Tá FARM-Up: Coimín Beo EIP tiomanta do ghlao oscailte a chur amach do na feirmeoirí a léiríonn suim sa tionscadal, agus roghnófar iad bunaithe ar thíopeolaíocht na bhfeirmeoirí.
Gheobhaidh feirmeoirí rannpháirteacha na rudaí seo a leanas:
- Tacaíocht chaipitil do ghníomhartha bainistíochta agus athchóirithe.
- Táille rannpháirtíochta as rannpháirtíocht ar choimíneacht agus as tógáil comhthuisceana.
Áireofar ar an chroí-fhoireann:
- Comhordaitheoir Tionscadail
- Oifigeach Tionscadail
- Rialaitheoir Airgeadais
Fríd shuíomhanna taispeántais, eolaíocht do shaoránaigh, traenáil, comhoibriú agus bainistíocht coimíneachtaí, cumasaíonn FARM-Up: Coimín Beo feirmeoirí mar cheannairí chun an dúlra a athneartú ach an fheirmeoireacht a choinneáil inmharthana mar bhealach maireachtála fosta.
Tá sé mar aidhm ag an tionscadal tionchar a imirt ar pholasaí talmhaíochta amach anseo, go háirithe an chéad Phlean Straitéiseach CAP eile, fríd chur chuige nuálach a léiriú agus fríd acmhainn a thógáil le haghaidh athrú fadtéarmach.
Is tionscadal comhoibríoch é FARM-Up: Coimín Beo EIP chun coimíneachtaí sléibhe na hÉireann a chosaint do na glúnta atá le teacht.
Fríd nuálaíocht faoi stiúir na bhfeirmeoirí, saineolas eolaíoch agus rannpháirtíocht an phobail a chomhcheangal, tá muid ag taispeáint réitigh phraiticiúla chun bratphortaigh agus móinteach fliuch a athchóiriú, bithéagsúlacht a fheabhsú agus tacú leis an fheirmeoireacht inmharthana.
FARM‑Up — Farming And Restoration Management for Upland Commonages
Supported by South West Mayo Development Company, Cairde na hEaragaile & Wild Atlantic Nature LIFE IP
